Thursday, October 7, 2021

Táimse ar an bBaile Seo

Does this tune sound familiar to you?

A broken heart song.  His gal up and married somebody else, and no one else will do.

Tá leagan le Mairéad Mhic Dhonncha ag 44:25 anseo.   This version goes with the lyrics below:

Táimse ar an mbaile seo lyrics and chords - SongsInIrish.com 

The better known recording is by Seán Ó Sé (differences in the lyrics, of course...but some of the same, shuffled a bit...)

Seo na liricí ó bhéaloideas:  Amhráin ón mBlascaod Mór - Táimse ar an mBaile | dúchas.ie (duchas.ie) 

Here's the transcription of the long version (from the page above):  Amhráin iad so atá tagtha anuas ó bhéal. Níl puinn aca ag an aos óg anois ach táid tógtha ag an leanbhaí scoile anois ó dhaoine atá ó's cionn trí fichid.

Táimse ar an mBaile
I
Táimse ar an mbaile seo le bliadhain agus trí lá,
Dá mbeadh fhios ag mo mhuinntir é, ní chodlóchaidís mórán,
Dochtúirí na Frainnce níl mo leigheas acu le fághail,
Go dtiocfhaidh péarla an chúil chraobhaig is go mbearfhaidh ar mo láimh.
II
Tá mo mhuinntir d'á shíor rádh go gcaithfead dul anonn,
Ach iarraim ar Mhuire is ar Íosa, a's nár faighidh siad long na bád
Ach d'á mbeinnse amuigh san' oidhche fé dhuilleabhair glas na gcrann,#Is a Dhia dhil nár b'aoibhinn dom is grádh mo chroidhe bheith ann.
III
An gcuimhnigheann tú ar an oidhche úd fé bhun an chrainn féir (? "do chrainn féin", b'féidir)
An gcuimhnigheann tú ar na cainnteanna a bhíodh eadrainn araon,
Tusa ag tabhairt na mionnaí, ach an peaca bíodh ort féin,
Bíodh do rogha do mhnáibh an domhain agat, ach beadsa ag luighe liom féin.
IV
Dá mbeadh lán na páirce báin agam do bhuaibh is do laoighibh,
Tuille 'gus láin báid agam do ghinithibh bhreághtha bhuidhe,
Is duitse féin a bhearfainn iad, a rúin is a laogh mo chroidhe,
D'fonn ár mbéile a bheith le chéile againn le linn an drúcht 'na luighe.
V
Dá mbeadh heels 'gus tops fem' bróga is cóir orm chun siubhail,
Do raghainn gach maidean Domhnaig ins an áit go mbíonn mo rún;
Annsúd ná tógfaí notice duit an óige a chur led' chom,

Is go mbeadh mo stór i dtig an óil agam an fhaid a bheimís ann.

Tá bean ar Shráid an Mhuilinn agam, a's bean ar Sráid Thráighlí,
'Gus bean ar Sráid an Daingin agam, 'sí is mó a chráidh mo chroidhe,
Sin triúr ban ag siubhal lem' ais, ach anois ó táim gan brigh,
Ní'l bean agam ná gnó 'gam di ó scaras le grádh mo chroidhe.




Mo Chailín Bán

(Also called An Cailín Bán). Well, she may be a bitch but at least she speaks some Irish!   An unrequited love song.  Bán (white) is used he...